Maidir leis an suíomh seo
Is suíomh gréasáin é RMO.ie a sholáthraíonn tacaíochtaí d'Údaráis Áitiúla in Éirinn maidir le bainistíocht sócmhainní bóthair agus ceadúnú bóthair. Soláthraíonn RMO.ie tacaíochtaí lárnaithe, treoirlínte, agus teicneolaíocht, chun tacú agus cothú a dhéanamh ar na nithe a leanas:
• torthaí feabhsaithe i mbainistíocht sócmhainní bóithre
• dea-chleachtas agus acmhainn in Údaráis Áitiúla
• bainistíocht éifeachtach ar ghníomhaíochtaí ceadúnaithe bóithre
• comhsheasmhacht i gcothabháil agus in infheistíocht bóithre
Is é is aidhm do RMO.ie ná faisnéis shoiléir ghonta a sholáthar, agus í a dhéanamh inrochtana d'úsáideoirí na nÚdarás Áitiúil.
Is í an Oifig Bainistíochta Bóithre (RMO) a bhainistíonn RMO.ie, seirbhís chomhroinnte d'Údaráis Áitiúla atá comhdhéanta de chomhbhord d'Údaráis Áitiúla Dhún na nGall, Chontae Chorcaí, Chathair Chorcaí, Chiarraí agus Thiobraid Árann, a sholáthraíonn réimse seirbhísí d'údaráis áitiúla in Éirinn. Tá feidhm leis na téarmaí úsáide atá leagtha amach ag https://www.donegalcoco.ie/en/terms-of-use/ ar an suíomh gréasáin seo.
1. Ráiteas maidir le Cóipcheart
Cé go rabhthas cúramach lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ar an Suíomh Gréasáin seo iomlán agus cruinn, coinnítear an Suíomh Gréasáin seo chun críocha faisnéise amháin agus ní ghlacann an RMO le haon dliteanas as aon chaillteanas ná damáiste mar thoradh ar úsáid na faisnéise seo nó ar spleáchas uirthi. Oiread a dhéantar tagairt d'aon reachtaíocht, ní mhaíonn an Suíomh Gréasáin seo go bhfuil léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht sin ann, agus ba cheart don úsáideoir dul i gcomhairle lena chomhairleoirí dlí féin.
Ní mór cead chun aon ábhar a chóipeáil nó a úsáid ón suíomh gréasáin seo a fháil ón sealbhóir cóipchirt. Caithfidh úsáideoirí creidiúint a thabhairt don RMO in aon fhoilseacháin, chur i láthair nó saothair eile. Is dócha go mbeidh cearta maoine intleachtúla i seilbh tríú páirtí i gcás ábhair a sholáthraíonn an páirtí sin, lena n-áirítear naisc chuig suíomhanna gréasáin eile ón suíomh seo.
2. Naisc chuig Suíomhanna Gréasáin eile
Chun faisnéis bhreise a dhéanamh níos fusa a aimsiú dár gcustaiméirí, nascann RMO.ie agus na suíomhanna gréasáin eile atá ann le hábhar atá faoi úinéireacht agus óstáilte ag údaráis áitiúla eile, gníomhaireachtaí rialtais agus eagraíochtaí, srl. Nascaimid le suíomhanna gréasáin eile a sholáthraíonn faisnéis a bhaineann lenár gcleachtais ghnó, agus le suíomhanna gréasáin a sholáthraíonn cúnamh dár gcustaiméirí. Nílimid freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile.
3. Teagmháil leis an Riarthóir Gréasáin
Má tá aon cheist eile agat faoi RMO.ie, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an riarthóir gréasáin tríd an bhfoirm teagmhála.