Skip to main content

1. Réamhrá

An Oifig Bainistíochta Bóithre RMO.ie, seirbhís chomhroinnte d'Údaráis Áitiúla atá comhdhéanta de chomhbhord d'Údaráis Áitiúla Dhún na nGall, Chontae Chorcaí, Chathair Chorcaí, Chiarraí agus Thiobraid Árann, a dhéanann cothabháil ar an suíomh gréasáin seo, agus leanann an beartas príobháideachais agus cosanta sonraí seo.

Tá meas ag an RMO ar do cheart ar phríobháideacht agus ní bhailóidh sí aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir uait. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú go deonach de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, i gcomhréir dhocht leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 – 2018.

Ní bhailíonn an suíomh gréasáin seo aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a sholáthraíonn tú go deonach. Ní úsáidtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo ach amháin chun na críche ar ar chuir tú ar fáil í.

2. Rialaitheoir Sonraí
Is í an Oifig Bainistíochta Bóithre an Rialaitheoir Sonraí do na sonraí atá arna stóráil ar RMO.ie.

3. Próiseálaithe Sonraí
Is í an Oifig Bainistíochta Bóthair an Próiseálaí Sonraí do na sonraí atá arna stóráil ar RMO.ie

4. Cineál Faisnéise a Bhailítear
4.1 Sonraí Pearsanta
Cur síos: Is sonraí iad seo a aithníonn thú nó ar féidir iad a úsáid chun tú a aithint nó chun teagmháil a dhéanamh leat agus d'fhéadfadh d'ainm, do sheoladh, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir theileafóin a bheith san áireamh iontu. Taifeadaimid an seoladh IP a shanntar duit trí do Sholáthraí Seirbhíse Idirlín. Úsáidtear é seo chun roinnt cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear an suíomh a riar, anailís a dhéanamh ar threochtaí agus staitisticí a bhailiú. Ní dhéanfaimid na seoltaí IP a nascadh le faisnéis phearsanta eile, ach amháin i gcásanna inar tharla gníomhaíocht choiriúil (e.g. mar fhreagra ar eachtra "haiceála").

Bailítear do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir theileafóin chun iad a úsáid le haghaidh cumarsáide agus fógraí.

Cuspóir dá gcoinnítear iad: Bailítear Sonraí Pearsanta ar an suíomh seo chun críocha riaracháin agus scaipeadh faisnéise a bhaineann le bainistiú na sócmhainne bóthair agus gníomhaíochtaí gaolmhara. Ní úsáidfear d'fhaisnéis teagmhála ach amháin chun na gcríoch ar soláthraíodh í agus laistigh de theorainneacha ghnó an RMO.

5. Roinnt agus Malartú Sonraí
Ní nochtfaimid do Shonraí Pearsanta do thríú páirtithe mura bhfuil do thoiliú faighte againn don nochtadh seo. Nochtfaimid do Shonraí Pearsanta má chreidimid de mheon macánta go bhfuil sé de cheangal orainn iad a nochtadh chun d'aon dlí is infheidhme, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó ordú rialála, nó ceanglas reachtúil eile, a chomhlíonadh.

6. Slándáil
Glacaimid bearta slándála cuí chun cosaint a dhéanamh ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí nó ar athrú, nochtadh nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí. Áirítear orthu seo athbhreithnithe inmheánacha ar ár gcleachtais bailithe, stórála agus próiseála sonraí agus ar ár mbearta slándála, lena n-áirítear criptiú cuí agus bearta slándála fisiciúla chun cosaint a dhéanamh ar rochtain neamhúdaraithe ar chórais ina stórálaimid sonraí pearsanta.

7. Sonraí Pearsanta a Nuashonrú, a Dhearbhú agus a Scriosadh
Féadfaidh tú sinn a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar do Shonraí Pearsanta, agus i gcomhréir lenár n-oibleagáidí faoin Acht um Chosaint Sonraí, lena n-áirítear an RGCS, déanfaimid do Shonraí Pearsanta a nuashonrú nó a scriosadh dá réir.

Tá cearta sonracha agat faoin faoi na hairteagail a leanas:

• Airteagal 13... Faisnéis le soláthar nuair a bhailítear sonraí pearsanta uaitse (an t-ábhar sonraí)
• Airteagal 14... Faisnéis le soláthar nuair nár bailíodh sonraí pearsanta go díreach uaitse (an t-ábhar sonraí)
• Airteagal 15... Ceart Rochtana (nochtadh iomlán aon sonraí pearsanta a choinnítear fút)
• Airteagal 16... Ceart Leasa (go gceartófar aon sonraí pearsanta míchruinne)
• Airteagal 17... Ceart Scriosta ("ceart go ndéanfaí dearmad ort" nó go mbainfí ón stór/córas sonraí thú).

8. Iarratais Rochtana Ábhar Sonraí
Tugann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), faoi Airteagal 15, an ceart do dhaoine aonair cóip a iarraidh d'aon sonraí pearsanta dá gcuid atá á bpróiseáil ag rialaitheoirí. Is minic a thugtar 'iarratais ar rochtain ar shonraí' nó 'iarratais ar rochtain' ar na hiarratais seo. Déan teagmháil linn tríd an bhfoirm teagmhála maidir le hiarratas den sórt seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le cosaint sonraí, tabhair cuairt ar: https://www.dataprotection.ie/ga/individuals/know-your-rights/right-acc%E2%80%A6 

Is féidir an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a léamh ina iomláine ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32016R0679 

9. Séanadh
Tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ceaptha chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoi shuíomh gréasáin RMO a fheabhsú. Cé go ndéantar gach iarracht agus ábhar á ullmhú le haghaidh foilsithe, ní ghlactar le haon fhreagracht as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon suíomh a nascann na leathanaigh seo leis.
Cé go ndéantar gach iarracht chun iontaofacht na suíomhanna liostaithe a chinntiú, ní féidir é seo a ghlacadh mar fhormhuiniú ar na suíomhanna seo. Má tá aon imní ort maidir le húsáid do chuid sonraí, déan teagmháil linn tríd an bhfoirm teagmhála.