Bunaíodh an Oifig Bainistíochta Bóithre (RMO) in 2014 mar ionad speisialaithe seirbhísí comhroinnte chun tacú le bainistíocht sócmhainní do bhóithre poiblí ar fud an 31 údarás áitiúil in Éirinn.
In imeacht breis agus 10 mbliana d’oibríochtaí, tá forbairt agus fás seasta tagtha orainn ó thaobh scála agus raon ár seirbhísí de, lena n-áirítear uirlisí bainistíochta sócmhainní bóthair a sholáthar, bainistíocht sócmhainní soilsithe phoiblí a fhorbairt, agus tacaíocht do chóras ceadúnaithe a sholáthar le haghaidh bóthair a oscailt ag na fóntais uile agus daoine eile in Éirinn. Tá ár ról i ndiaidh forbairt chun tacú le cuspóirí beartais náisiúnta a chur i bhfeidhm agus chun a bheith inár gcomhairleoir faoi fhaisnéis agus faoi thuairisciú sócmhainní. Meastar anois go bhfuil an oifig ina cumasóir fíor-riachtanach don acmhainn bainistíochta bóithre in Éirinn.
Oibríonn an RMO go dlúth le páirtithe leasmhara éagsúla rialtais, lena n-áirítear an Roinn Iompair, Bonneagar Iompair na hÉireann, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta don Rialtas Áitiúil, chomh maith leis na príomhfhóntais uile.
Ábhar tacaíochta don topaic seo
Is féidir teacht ar ábhar oiliúna agus ar acmhainní eile ach cliceáil ar na naisc thíos: